Moderator:kevin
Elaine wrote:Is maith leis an nduine i mo dhiaidh dul go dtí áiteanna nach bhfuil eolas orthu aige. (Is maith liom é, ach ní thugann mo theaghlach cead dom a dul ansin, mar gheall ar sin téim le mo theaghlach i gcónaí. Chuaigh mé go dtí Kadıköy i m'aonar inniu, mar mar tá sé in aice leis an áit ina bhfuilim i mo chónaí agus thugann siad/thugadar cead dom a dul ansin.)
linguoboy wrote:Elaine wrote:Is maith leis an nduine i mo dhiaidh dul go dtí áiteanna nach bhfuil eolas orthu aige. (Is maith liom é, ach ní thugann mo theaghlach cead dom a dul ansin, mar gheall ar sin téim le mo theaghlach i gcónaí. Chuaigh mé go dtí Kadıköy i m'aonar inniu, mar mar tá sé in aice leis an áit ina bhfuilim i mo chónaí agus thugann siad/thugadar cead dom a dul ansin.)
Is maith liom cuairt a thabhairt ar áiteanna ná rabhas riamh iontu, ach ní thaitníonn liom dul chuig áit gan aon eolas uirthi agam.
linguoboy wrote:Tá an duine i mo dhiaidh in aon tigh lena ghaolta cleamhnais.
Elaine wrote:Is maith leis an nduine i mo dhiaidh na criospaí "Tayto". (Níor bhlais mé iad ar chor ar bith agus ní maith liom criospaí i ndáiríre, ach ba mhaith liom iad a bhlaiseadh i ndáiríre.)
Elaine wrote:Is maith leis an nduine a féachaint ar an tsraith theilifíse "Eipic".
iodalach93 wrote:Tá an duine i mo dhiaidh ag staidéar anocht.
Users browsing this forum: No registered users and 15 guests