Sharp ears needed

Moderator:kevin

Fear_a_Phléasc
Posts:74
Joined:2013-12-04, 17:36
Gender:male
Country:USUnited States (United States)
Sharp ears needed

Postby Fear_a_Phléasc » 2014-05-12, 19:42

Trying to work on my listening fluency transcribing this story. So far I've only done the first few chapters. If anyone can fill in the blanks or correct things I've got wrong, I'd greatly appreciate any help I can get. Note that in some cases I rendered the initial consonant mutations in a more Connacht way, so these were deliberate decisions. You can correct them if you want, but since this is for my own reference I am writing them to reflect how I would say it if I were reading it. There might be some spelling mistakes too which are less important to correct, as I'll probably spot these as I proof-read it. I'm mostly concerned with the blanks. I'll be working on typing out the other chapters as well.

https://www.youtube.com/watch?v=llOxg5IUEd0

Gaiscíoch na Beilte Uaine

Intreoir

A chara, tar agus éist le mo scéal. Seo mar a chuala mé féin é agus ní bréag ar bith é. Bodhar ní chluinfinn é, dall ní fheicfinn é ach seo é mar is fearr é.

Caibidil 1

Fadó fadó bhí baintreach ann agus mac amháin aice. D’imigh sí ar fud na tíre ag ceannach luibheacha agus ag díol aráin mar shlí bheatha. Bhí sí ag déanamh go maith agus ag cothú a mic go maith go dtí go raibh sé bliain agus fiche. Bhuail ___ mac ansin agus dúirt lena mháthair go raibh sé in am dó ag dul ag triall ar a fhortún. “Tá go maith” arsa a mháthair. “Tabhairfidh mé mo sheacht mbeannacht duit.” Maidin lá arna mhárach, d’éirigh sé agus thosaigh sé ar an turas. Thug sé a aghaidh soir ó dheas. Ag imeacht gan chara den chompánacht. Thrasnaigh sé seacht gcnoc, seacht ngleann, seacht gcaisleán de léim. Bhí torann a cos ag bualadh na colainne agus torann na colainne ag bualadh a chuid cos (?). Chuaigh sé an cnoc de léim agus an an gleann de choiscéim. Bhí sé ag taisteal i dteas bog na maidine go teas trom an mheánlae. Lean sé leis go raibh solas séimh an lae ag imeacht agus néalta dubha dorcha na hoíche ag teacht gur tháinig sé isteach sa mbaile mór. Ní raibh sé i mbaile mór ariamh roimhe sin. Chonaic sé teach ina raibh solas lasta agus chuala sé ceol ag rince ann. “Rachaidh mé isteach anseo”, a dúirt sé leis féin, “go bhfeicfidh mé cén sórt dream daoine atá ann.” Agus chuaigh. B’aoibhinn an radharc sa seomra damhsa. Bhí na soilse ag lonrú ar mhrá dóighiúla agus ar fhir chalma. Ní raibh sé i bhfad istigh nuair a fear a fhad leis. “An bhfuair tú cuireadh teacht isteach?” a dúirt an fear leis. “Duine ar bith a thagann isteach gan cuireadh, caithfidh sé troid sula dtéann sé amach.” “Ní bhfuair mé”, a dúirt sé. Más sin mar atá, ní thabhairfidh (?) mise suas don troid.” Bhí gaiscíoch óg acu le haghaidh troda. Chuadar i gceann a chéile ___. Bhí iontas an domhain ar gach aon duine nuair a chonaic siad an fear strainséara seo ag troid go cumasach. Níor mhair an gaiscíoch óg leathuair an chloig gur ghéill sé (?). Bhí beilt uaine ag an ngaiscíoch le caill agus bhain sé de í agus chuireadar ar mhac na baintrí í. Caithfidh tú fanacht linn ar feadh cinn (?) bliana. Gheobhaidh tú pá maith”, a dúirt na daoine uaisle. “Is é an t-ainm a thabhramid anois ort ná Gaiscíoch na Beilte Uaine.”

Caibidil 2

Lá amháin chuaigh an Gaiscíoch amach agus chonaic sé clár crochta ar choirnéal sráide. Bhí scríofa air go raibh iníon an rí sa Domhan Thoir le pósadh ar dhuine ar throidfeadh ar a son. Chuaigh sé abhaile chuig na daoine uaisle, agus d’inis sé an scéal dóibh. Cé go raibh siad meallta thug siad pá chuig bliana dom agus dúirt leis a bheith faichilleach (?). Lá arna mhárach thug sé a aghaidh soir ó dheas agus d’imigh sé leis. Thrasnaigh sé seacht gcnoc, seacht ngleann, seacht gcaisleán de léim. Bhí torann a coise ag bualadh a choirp agus torann a choirp ag bualadh a chuid cos (?) Chuaigh sé an cnoc de léim agus an an gleann de choiscéim gur bhain sé an Domhan Thoir amach. Tháinig sé go Cúirt an Rí sa Domhan Thoir. Faoin am sin, ní raibh teach cúirte ann __ cuaille comhraic os cionn an dorais. Bhuail Gaiscíoch na Beilte Uaine buille dá chlaíomh air (?) agus shroic an Chúirt. Chuir an Rí teachtaire amach chuige __ cad a bhí uaidh. Labhair an Gaiscíoch, “chuala mé go raibh iníon an Rí le pósadh ar dhuine ar bith a throidfeadh ar a son.” D’fhill teachtaire ar an Rí leis an scéal ar a bhéal. “___ amhlaidh,” a dúirt an Rí. “Lig isteach é agus fáilte.” Bhí iníon an Rí, an Banphrionsa, thuas an staighre, ag amharc anuas ar an strainséara ag teacht isteach. Ba ____a tine é. B’fhear suimiúil galánta é, dar léi. Shuigh sé chun boird. Fuair sé a dhóthan le hithe agus le hól. Faoi dheiread, d’inis an Rí dó cad é an troid a bhí le déanamh aige. “Tá cloigne an triúr fathaigh atá sa Domhan Thiar de dhíth orm. Caithfidh tú iad sin a thabhairt chugam sular bhfaighidh tú m’iníon le pósadh.” “Cad é an dóigh a rachaidh (?) mé ann?” , a dúirt an Gaiscíoch. Thaispeán an Rí srian dó is dúirt “tá capall is fiche ansin amuigh sa stábla. Seo srian duit. Croith an srian - pé ceann acu a chuirfidh a cheann sa srian, tabhair leat é.” “Tá go maith”, a dúirt an Gaiscíoch na Beilte Uaine go hamhrasach. “Chuaigh an Rí ___ ansin.” Thainig an Banphrionsa anuas chuig an nGaiscíoch. Bhí siad ag caint is ag scéalaíocht i bhfad isteach san oíche. “Bhuel anois,” arsa an Banphrionsa “is fearr duit mo chomhairlese a dhéanamh. Tabharfaidh mé cuidiú an dá láimh duit. Tá mo dhaidí ag cleasaíocht leat. Ná bac leis an srian sin a thug sé duit. Seo srian agamsa duit. Agus pé capall a chuirfidh a cheann ansin, bain an lá as (?). Éist go géar - cé ar bith rud a tharlaíonn, ná hiarr aon chuidiú ar dhuine ar bith chun na fathaigh a mharú.” “Ní iarrfaidh” a dúirt sé. Lá arna mhárach, d’éirigh sé agus d’ith sé a bhricfeasta. Rug sé ar an srian a thug an Banphrionsa dó. Chuaigh sé amach chuig an stábla. Bhí trí chapall ghiobalacha i measc na gcapall agus ceann acu sin a chuir a cheann sa srian. Shíl sé sin go raibh sé buailte (?) ach bhuail sé an diallait suas air. Thug sé a aghaidh ar gheata na cúirte agus, iontas na n-iontas, scuab sé an geata le haon léim amháin. “A, muise cinnte, déanfaidh tú an gnó”, arsa an Gaiscíoch. Thug sé aghaidh an chapaill siar ó dheas. Rug an capall ar an ngaoth a bhí roimhe agus de luas lasrach bhain siad Tír an Fhathaigh sa Domhan Thiar amach. Thuirling sé den chapall. Cheangail sé an capall le crann. Baineadh geit as nuair a labhair créatúr a bhí thuas sa chrann leis. “Sé do bheatha, a Ghaiscigh”, a dúirt sé. “Go mairfidh tú slán” a dúirt an Bheilte Uaine go cúramach. “Scaoil mise” a dúirt an créatúr “agus tabhairfidh mé cuidiú an dá lámh duit chun an fathach a mharú. Mura __ do chuidiúsa ní ___ é.” “Cé thú féin?” a an Gaiscíoch. “Crochaire an Chéad Slamaire (?) a thugann siad orm”, arsa fear sa chrann. “Agus cad é a chuir ansin thú?” “Chuir na fathaigh anseo mé nuair a __ iad a mharú.” “Fan ansin” a dúirt an Gaiscíoch, agus ar chomhairle an Bhanphrionsa d’fhág sé an fear ___ sa chrann.

Caibidil 3

D’imigh sé leis tríd an gcoill. Ní raibh sé i bhfad istigh nuair a chuala sé an cruinne ag stróiceadh. Bhí an fathach ag druidim leis. “Fud fad féasóg, faighim boladh gaiscigh anseo, boladh an Éireannaigh bhréan. Déanfaidh mé pinse snaoisín dó a chuirfidh mé i mo chaincín. A dhóthan dona seo ort is ___ bhréan, níor tháinig mé _____ ceart ná cóir a thabhairt duit ach a bhaint duit (?). A, muise, tá glór Gaiscigh ___,” a dúirt an Fathach. “Cé acu is fearr leat ag dul do scine dearga i mbun agus i mbarr ___ a chéile nó iomrascáil chaoil chrua?” “B’fhearr liom an iomrascáil chaoil chrua.” Ansin ruaigeadar isteach ar a chéile, lámh in íochtar, lámh in uachtar, lámh a __ ón nGaisce. Bhíodar ansin mar a bheadh dhá leon cuthaigh nó dhá sheabhac ar aill. Rinne siad ball bog don bhall crua agus ball crua don bhall bog. Bhí siad mar sin lena chéile go hardthráthnóna. Bhí fuinneamh an Ghaiscigh ag tráth. Bhí sé i ndainséar. I dtobainne, bhog sé go fann. Tháinig spideogín agus sheas sí ar ghualainn Ghaiscíoch na Beilte Uaine. Sióg i mbréagriocht a bhí sa spideog a bhí in a cosantóir ar an nGaiscíoch. “Mo náire thú”, a __ sí. “Má ghéilleann tú don Fhathach sin, ní bheidh fearrde chaointe ná de chinnte anseo ach mise (?). Go tobainn, d’éirigh _____ Ghaiscigh. Thug sé fáscadh don Fhathach a chuaigh go dtí an ghlúin é, an dara fáscad go dtí a bhásta, agus an tríú fáscadh buille go dtí a mhuinéal. “Fan, fan!” a dúirt an Fathach “agus spáráil mo shaol dom, agus tabharfaidh mé an capall caol donn agus an Claíomh Solas duit atá sa chaisleán thall!” D’imigh an Gaiscíoch siar go dtí an caisleán agus thóg sé leis an Claíomh Solais. “Ce háit a dteastáilfaidh mé é seo?” “Teisteáil ar an gcrann mór sin é” dúirt an Fathach. “Ní fheicim aon chrann ann níos gráiní le do chloigeann féin” a dúirt an Gaiscíoch. Bhuail sé buille air, i gcúl a mhinéil agus scuab sé an cloigeann de. Bhain sé slat agus rinne sé gad de. Chuir sé trí chionn an fhathaigh é agus chuir sé ar ___ na diallaite é. D’imigh leis go dtí Cúirt an Rí. Bhuail sé tuairt faoi dhoras na Cúirte. “Sin ___ d’iníon agam.” “‘Sé, cinnte” a dúirt an Rí. “Is tú an gaiscíoch is fearr dár tháinig anseo le céad bliain. Amárach beidh éacht eile uaim.” Chuaigh sé isteach agus fuair sé a dhóthain le hithe agus le hól. Nuair a chuaig an sean Rí ag luí, tháinig an Banphrionsa anuas chuige agus d’fhan sé ina chuideachta i rith na hoíche ag caint is ag comhrá __go dúirt sé in am ag dul a chodladh (?). An focal scoir a bhí i gcónaí aice “seachain an fear sa chrann. Ná lig dó cuidiú leat”. Maidin an lá dár gcionn, thug sé srian an Bhanphrionsa leis go dtí doras an stábla. Ní hé an capall a bhí inné aige a tháinig chuige ach an capall ba mheasa. Ach chaith sé an diallait suas ar a dhroim, agus chuaigh sé a mharcaíocht air. Thug sé a aghaidh ar gheata na Cúirte agus d’éirigh sé seacht dtroithe os cionn an gheata. Thug sé an capall siar ó dheas agus rug sé sin ar ghaoth an Mhárta a bhí roimhe gur bhain sé Tir an Fhathaigh amach arís. Cheangail an Gaiscíoch an capall don chrann. “Scaoil mé! Scaoil saor mé!” a scairt an fear a bhí in airde sa chrann. “Tabhairfidh mé cuidiú duit.” “Tá mo dhóthain le déanamh agam gan a bheith cráite ag do chaoineadhsa” a dúirt an Gaiscíoch go doicheallach. Agus arís ar chomhairle an Bhanphrionsa, d’fhág sé an Crochaire ag screadach sa chrann. D’imigh sé leis tríd an gcoill, ag faire. Ní raibh sé i bhfad sa choill gur chuala sé an crann críonna a bhriseadh agus an crann óg a ___. Tháinig fathach míofar a raibh dhá cheann air. “Donas a dhóthain ort” a dúirt sé. “Is tusa a mharaigh mo dheartháir inné! Ní raibh sé ach céad bliain d’aois.” “Donas a dhóthain ort féin” a dúirt Gaiscíoch na Beilte Uaine. “Dhéanfaidh mé amhlaidh leatsa.” Chuaigh siad i ____. Throid siad go dian dícheallach go dtí nár fágadh fuinneamh troda ar bith ag an nGaiscíoch, agus le clapsholas, bhí greim docht an an bhFathach air. Lom láithreach tháinig an spideoigín. Agus d’iarr sí streachailt amháin eile ar an nGaiscíoch. Leis sin thug sé fáscadh don Fhathach agus chuir sé go dtí an nglúin é. An dara dorn go dtí a bhásta, agus an tríú buille go dtí a mhuinéal. “Fan, fan,” a dúirt an Fathach “agus spáráil m’anam dom agus tabhairfidh mé mo __ glas sa chaisleán thall duit agus mo chlaíomh agus mo chulaith ghaisce.” D’imigh an Gaiscíoch siar go dtí an gcaisleán agus thug sé leis an claíomh. I bhfaiteadh na súile, bhain sé ropadh air i gcúl a gceann agus scuab sé an dá chloigeann de. Chuir sé ar thosach na diallaite iad agus d’imigh leis go dtí Cúirt an Rí. Bhuail sé tuairt díobh trí dhoras na Cúirte. “Sin dhá ___ d’iníon agam”. “Sea” a dúirt an Rí. “Is tú an gaiscíoch is fearr dár tháinig anseo le céad bliain. Ach tá éacht eile uaim amárach.” Chuaigh sé isteach agus fuair sé a ___ le hithe agus le hól. Agus nuair a chuaig an sean Rí ag luí, tháinig an Banphrionsa anuas chuige. Bhí siad ag caint is ag comhrá gur thit néal codlata air. Chuala sé glór an Bhanphrionsa ag cogarnaíl. “Seachain an fear sa chrann. Ná lig dó cuidiú leat.”

Fear_a_Phléasc
Posts:74
Joined:2013-12-04, 17:36
Gender:male
Country:USUnited States (United States)

Re: Sharp ears needed

Postby Fear_a_Phléasc » 2014-05-13, 7:37

Caibidil 4

An lá dar gcionn ar bhéal maidine, thug an Gaiscíoch leis an srian agus chroith sé doras an stábla é. Tháinig chuige capall giobalach agus chuir sé an diallait air. D'imigh sé ar chosa in airde. Lig Beilt Uaine a cheann(?) leis. I ndiaidh tamaill tháinig sé a fhad le crann an Chrochaire. Cheangail sé an capall de. Chuala sé an Crochaire ag screadach, ach rinne sé mar a dúradh leis. Níor labhair sé leis fiú. Thaisteal sé leis tríd an gcoill. Ní raibh sé i bhfad ansin nuair a raibh na cruinne á reabadh ag an bhfathach mór míofar a bhí ag teacht. Bhí trí chloigeann air - cloigeann do gach céad bliain a bhí sé beo - trí chéad bliain. "Fút fad féasóg, is dóigh gur tusa a mhairigh mo bheirt deartháracha." Leis sin ruaigeadar isteach ar a chéile. Bhí siad mar sin lena chéile go hardthráthnóna, gur tháinig an spideoigín arís agus thug sí misneach don Ghaiscíoch deireadh a chuir leis an troid. Bhí an fathach gan aigne gan urlabhra (?) faoi dheireadh thiar thall. Ghéill sé don Ghaiscíoch. Chuaigh an Gaiscíoch siar agus thug sé an claíomh leis. Ar an toirt bhuail Beilte Uaine iarracht (?) ar an bhFathach agus scuab sé na trí cinn de. Lá ___ thug sé cinn an Fhataigh leis agus bhí sé ar bís nuair a chaith sé na cinn ag cosa an Rí. Aon, dó, trí. Sin trí ___ d'iníon a ____ . "Tá an méid sin déanta agat" arsa an Rí "ach ar an drochuair, tá ceann na caillí, máthair na bhfathach, ag tabhairt leat go fóill. Bhain an scéal seo siar as an nGaiscíoch. Tháinig an Banphrionsa anuas chuige agus dúirt leis "Tá máthair na bhfathach sin sa gceantar le seacht mbliana ag cur ingne uirthi féin. Leis an gcloigeann a thabhairt leat amárach beidh pleain maith éigin de dhíth ort. Ach mar (?) a bhfaca tú ariamh, le do thoil, ná scaoil an fear atá ar an gcrann." "Ní scaoilfidh" a dúirt sé. D'imigh sé amach go dtí an stábla. Thug sé leis an srian agus chroith sé é. B'é an capall a bhí an triú lá aige a tháinig. Bhí sé lán sásta ansin. Ba ghearr an mhoill leis go raibh sé thiar. Cheangail sé an capall don chrann mór. "A, mhuise, scaoil mé" a dúirt an Crochaire a bhí in airde "agus ní mór duit mo chuidiú inniú mar maróidh an chailleach sin tú" . "Muna ndéanaim an gnó gan tusa" a dúirt sé "ní dhéanfaidh mé in aon chor é." D'imigh leis isteach tríd an gcoill agus ní chuala sé trup ná tada ag teacht ach chonaic sé cosán agus lean sé é gur tháinig sé i radharc na Cúirte. Bhuail sé suas go dtí doras na cúirte agus agus d'fhéach sé isteach. Bhí an tseanchaileach suite ar chathaoir cois na tine. Chuala sí ag teacht é. Léim sí agus thug sí iarracht (?) ar na hingne chuir ann ach bhí an Gaiscioch __ de léím. Rith sé thart timpeall na cúirte. Lean an tseanchaileach é. Tháinig sé air ais isteach sa gCúirt. Bhí cailín óg ina seasamh istigh. Bhí beart mór tuí ar chúl an dorais. "Gabh(aim) isteach faoin mbeart tuí sin" dúirt an cailín óg. Chuaigh agus tháinig an cailleach isteach ina dhiaidh. "Ar tháinig aon duine isteach anseo?" a dúirt sí. "Tháinig" a dúirt an cailín "agus rith sé suas tríd an simléar sin". Rith an chailleach go dtí an simléar agus chuir sí suas an dá lámh agus chuaigh na hingne i bhfostú i mbarr an tsimléir. "Anois tabhair anuas an beart tuí" a dúirt an cailín leis an nGaiscíoch. Thug agus chaith sé síos sa tine é. Las an beart tuí gur dhóigh sé is gur mharaigh sé an chailleach. Scaoil siad na hingne agus bhain siad anuas an chailleach. Bhain an Gaiscíoch an ceann dí. "Bhuel anois" dúirt an cailín cróga "tá siad ar fad maraithe agat (?)." "Míle buíochas" a dúírt an Gaiscíoch. "Tabhairfidh mé liom thú mar is tú a shábháil m'anam dom." Léim an bheirt ar an gcapall. Nuair a bhíodar ag dul thart le Crochaire an Chéad Slamaire, scairt sé leis, "A, muise, a Gaiscigh" a dúirt sé "Is náire liom nár scaoil tú saor mé. Tusa a bhfuil clú ort ar fud na tíre mar gheall ar do chrógacht is do chineáltas. Mo náire thú nár scaoil tú saor an Crochaire." D'impigh an cailín ar an nGaiscíoch gan é a scaoileadh. Tháinig an Gaiscíoch anuas den chapall. Thosaigh sé ag an Crochaire a scaoileadh ach, nuair a scaoil sé é, bhí sé féin i bhfostú sa gcrann agus an Crochaire anois saor. Tháínig an Crochaire os a choinne amach agus chuir sé féin i gcosúlacht Ghaiscíoch na Beilte Uaine agus ní aithnódh (?) duine ar bith ná é a bhí ann, an Crochaire ceilte i mbréagriocht.

Caibidil 5

Bhain an Crochaire an Cúirt amach. Bhí sé ceilte i gcruth an Ghaiscígh. Rinne sé mar a dhéanfadh an Gaiscíoch. Bhuail sé cloigeann na caillí faoi dhoras na cúirte. D'éalaigh an cailín go rúnda. Sciúird sí trasna an urláir agus chuir sí í féin i bhfolach. Sin an margadh (?) déanta). Sin é d'iníon agam" arsa an Crochaire ceilte leis an Rí. Chuir an Rí cuireadh amach ar an méid daoine uaisle a bhí san áit, á fhógairt go raibha an Gaiscíoch, mar dhea, agus an Banphrionsa le pósadh i gceann dhá lá. "Ní hé seo mo Ghaiscíoch a ___ " arsa an Banphrionsa le __ guth (?). Chuala an Crochaire ceilte ráiteas an Bhanphrionsa. Rinne sé préachán de féin go sciobtha agus thug sé leis abhaile í go dtí a chúirt féin. Bhain imeacht an Bhanphrionsa sonc chomh mór sin as an Rí. Rith sé ar fud fad na cúirte ag caoineadh is ag béacaíl. Tháinig sé ar an gcailín calma i bhfolach sa gcistin. D'fhiafraigh di cé hí agus d'inis sí an scéal dó faoin gCrochaire a bhí ina rógaire ag cleasaíocht leis an nGaiscíoch. "Scaoileadh saor an Crochaire ach tá an Gaiscíoch gafa" arsa an Rí. "An bhfuil aon rud faoin spéir is féidir a dhéanamh". "Tá" a dúirt sí. "Fúil rí a dhoirteadh". "A, más mar sin é," arsa an Rí, "gheobhaidh sé an méid fola atá i mo chroíse." Amach chuig an stábla leo gur chuir diallait ar chapall dílis a bhí ag an nGaiscíoch an turas deiridh mí-fhortúnach sin. Scuab siad leo, beirt ar dhroim an chapaill agus threoraigh an capall go phríosún-chrann an Ghaiscigh. Bhí Beilte Uaine i ndeireadh na péice. Thug an cailín cleite léi agus ghearr an Rí a mhéar. Shíl an fhuil gur deargadh an cleite. Thug an cailín sonc don Ghaiscíoch leis an gcleite dearg. Scaoileadh saor é. Bhí an Gaiscíoch dearg ___. "Ní iosfaidh mise an dara bhéile ar aon bhord ná ní chodlóidh mé an dara hoíche ar aon leaba nó go bhfaighidh mé an rógaire sin." Ghluais an Gaiscíoch leis tríd an gcoill gur tháinig an oíche air. Bhailigh sé beart brosna agus rinne sé tine. Bhí ocras air agus mharaigh sé éan. Chuir sé bior trí agus bhí sé á róstadh nuair a tháinig seabhac a fhad leis. Bheannaigh an seabhaic dó. "Go maire tú slán, suigh síos agus hith do dhóthain." Shuigh an seabhac síos. D'ith siad a leor dhóthain den éan agus dúirt an Gaiscioch leis an méid a bhí fagtha a thabhairt leis. "Go raibh maith agat" arsa an seabhac. "Nach tú atá fial. Má tá mo chuidiúsa de dhíth ort, glaogh ar sheabhac na haille uaine agus beidh mé leat láithreach." D'imigh an seabhac leis ansin. Chodail an Gaiscíoch i gcrann go maidin. Le héirigh na gréine thaisteal sé leis trid an gcoill gur tháinig an oíche air. Chruinnigh sé beart brosna agus las tine é. Mharaigh sé dhá éan. Chuir sé bior triothu agus bhí sé á rostadh nuair a tháínig madra uisce a fhad leis. Bheannaigh an madra uisce dó. "Go maire tú slán, suigh síos agus hith do sháith" arsa an Gaiscíoch. D'ith siad an dá éan agus thug an madra uisce leis an méid a bhí fagtha. "Má bhíonn mo chuidiúsa uait, scairt ar mhadra uisce an phoill ghorm agus beidh mé le do thaobh", arsa an madra uisce. D'fhág sé slán agus thit codladh na hoíche ar an nGaiscíoch. Thaisteal an Gaiscíoch leis le breac an lae. Tháinig sé amach as an gcoill ar bhruach na farraige. Ní raibh bealach ar bith le leanúint ach uisce le trasnú. "Ní thig liom an fharraige a thrasnú" arsa an Beilte Uaine go tromchroích agus ___ cá bhfuil mo Bhanphrionsa?" Chuimhin sé ar an madra uisce agus an cuidiú a gheall sé dó. Ghlaoigh sé air agus ní raibh an focal as a bhéal nuair a bhí an madra uisce lena thaobh. "Cad a dhéanas mé?" arsa an Gaiscíoch leis an madra uisce. "Tá a fhios agamsa" arsa an madra uisce. "Amharc an t-oileán sin amuigh leis an gcaisleán air. Tá do bhean istigh sa gcaisleán sin. Léim ar mo dhroim agus tabhairfidh mise amach thú." B'fhíor dó. Thug sé amach é agus ní fliuchadh a chuid cos fiú. "Éist go géar," a chomhairligh an madra uisce dó, "ní féidir an Crochaire a mharú gan eolas cá háit a bhfuil a anam. Tá sé mall. Ná gabh isteach ansin anocht. Feicfidh tú an Crochaire ag teacht ar ais ina phréachán mór agus rachaidh sé isteach sa gcúirt tríd an simléar. Imeoidh sé amárach ar an dóigh chéanna. Ná déan dearmaid - faigh amach cá bhfuil a anam." D'imigh an Crochaire ina phréachán arís ar maidin agus ansin chuaigh an Gaiscíoch isteach sa gcaisleán. Chonaic sé an Banphrionsa bocht croíbhriste. Nuair a chonaic an Banphrionsa é, chuir sí fáilte is fiche roimhe. D'inis an Gaiscioch di faoin gcomhairle a thug an madra uisce dó. "Caithfidh tú a fháil amach uaidh cá háit a bhfuil a anam" a dúirt sé léi. D'imigh an Gaiscíoch amach ansin agus roimh i bhfad tháinig an préachán mór ag teacht agus ag dul síos trí shimléar na cúirte. Ag teacht isteach an Chrochaire bhí an Banphrionsa ina suí ag síleadh na ndeor. Chuir sé ceist go giorraisc uirthi cad a bhí cearr. "Tá mé ag caoineadh anseo ó mhaidin le huaigneas. Dá mbeadh d'anam agam, dhéanfadh sé an-chuideacht dom" ar sí. "An bhfeiceann tú an crann sin thall?" arsa an Crochaire. "Feicim" a dúirt an Banphrionsa. "Tá lacha istigh sa gcrann sin agus tá ubh i mbolg na lachan agus tá m'anam istigh san ubh." Ní féidir ach le duine amháin an crann a leagan - Gaiscíoch na Beilte Uaine" arsa an Crochaire agus é ag scig ___ . "Ach tá an Gaiscíoch ceangailte don chrann sa Domhan Thiar. Mar sin, ní féidir leis an tua dhraoíchta a fháil de cholbh mo leapa. An tua sin a leagas an crann. Má tharlaíonn sin, ligfidh an crann béic as a chloineas mise. Leimfidh an lacha amach as an gcrann. Ní féidir ach le hainmhí amháín an lacha sin a cheapadh - seabhac na haille uaine. Má tharlaíonn sin, scaoilfidh an lacha an ubh uaithi síos go tóin an locha, sin thíos (?). Ní féidir ach le hainmhí amháín an ubh seo a aimsiú - madra uisce an phoill ghoirm. Sin déanta, caithfear mise a bhualadh faoin sciathán chlé. Sin rud nach dtarlóidh choíche. Sin as an ___ cinnte" ar sé i nguth grágach garbh agus sciúird sé leis i gcoill.

Caibidil 6

Le himeacht an Chrochaire ar maidin, tháinig an Gaiscíoch isteach agus d'inis an Banphrionsa an scéal dó faoin áit ina raibh anam an Chrochaire. D'imigh an Gaiscíoch i ___ a fuair sé spád. Thochail sé faoi cholbh na leapa . D'aimsigh sé an tua. Rug sé ar an tua agus amach leis. Bhuail sé ar an gcrann agus scoilt sé é. "Vác, vác" a scread an lacha agus ar shiúl léi san aer. Ghlaoigh an Gaiscíoch ar sheabhac na haille uaine. Tháinig sé i bhfaiteadh na súl agus greim aige ar chúl na lachan. Scaoil an lacha ubh uaithi síos isteach sa loch. Ghlaoigh an Gaiscíoch ar an madra uisce. Tháinig sé agus an ubh ina bhéal aige. Chuala an Crochaire béic an chrainn agus vác vác na lachan agus tháinig sé ag cur splancanna de tintrí uaidh. Anois, buille deireanach leis. "Aimsigh faoin sciathán clé" arsa an Banphrionsa. Theilg an Gaiscíoch an ubh leis. Bhuail sé an Crochaire suarach faoin sciathán clé. Thit sé ina chnapán. _____ d'imigh an draíocht den mhadra uisce agus den seabhac. Briseadh faoi dheireadh ar na geasa. Ba dhearthár agus deirfiúr d'iníon an Rí iad, an bheirt a bhí caillte gan táisc ná tuairisc le fiche bliain. ___ síos go bruach na farraige agus bhí long ceangailte ansin ag an gCrochaire. Bhí ___ agus mionán ag fás ar an long mar nár tógadh amach le blianta í. Scaoil an Gaiscíoch a cuid táblaí (?) agus léim an triúr eile isteach. Bhuail an Gaiscíoch cic uirthi agus leis an gcic, chuir sé____ i bhfarraige í. Bhí lupadán lapadán míolta, rónta agus scadán na farraige ag teacht ar ___ agus ar ___ agus ar bharrchuaille na loinge ag déanamh ceoil. Níor fhág an Gaiscíoch cábla gan síneadh, téad gan tarraingt, __ gan folú, ná farraige gan ramhaíocht gur tháinig siad isteach go cuan an Rí. B'in an áit a raibh an fháilte rompu ag an Rí. Pósadh Gaiscíoch na Beilte Uaine agus an Banphrionsa. Chuir an Rí cuireadh amach don mhéid daoine uaisle a bhí ann agus an mhéid bocht agus nocht a bhi ann. Bhí bainis naoi lá agus naoi n-oíche acu. Mhair siad uile go sona sásta as sin amach.

A chara, sin deireadh mo scéil.

Ciarán12

Re: Sharp ears needed

Postby Ciarán12 » 2014-05-23, 16:12

I have neither ears sharp enough nor Irish good enough to help you I'm afraid. I wouldn't have gotten nearly as much as you did listening to that, maith an fear! I will see of I can get anyone I know with better Irish to listen and see if they can fill in the gaps. Where is the speaker from, by the way? Judging by the range of features I'm hearing I'd guess northern Mayo or Sligo.

Fear_a_Phléasc
Posts:74
Joined:2013-12-04, 17:36
Gender:male
Country:USUnited States (United States)

Re: Sharp ears needed

Postby Fear_a_Phléasc » 2014-05-25, 15:25

Thanks Ciarán! I've been trying to get various people to help me but it seems that it's harder than I thought to find another learner who has better listening comprehension than me (and I don't think mine is all that good, even after all these years ;)

With regard to his accent, I was stumped. He seems to have a mostly Connacht pronunciation, but the treatment of his consonant mutations is mostly Ulster, as far as I can tell - not sure if he's doing that because he's reading a story that was written that way. But I'm bad with regional dialects, so there is probably some dialect that has features of both.

I still dream of having some sort of depository where these "scripts" can be of use to learners, but to do that I'd have to get them more complete. I enjoy transcribing stuff as an exercise, even though it's a lot of work.

Declan
Posts:41
Joined:2008-11-16, 22:31
Real Name:Declan
Gender:male
Country:IEIreland (Éire / Ireland)

Re: Sharp ears needed

Postby Declan » 2014-07-23, 22:51

I gave a go at the first chapter (I'll hopefully get back to the rest), but I think your own Irish might be better than my own, nevertheless, I might spot the odd thing and I'll certainly learn something along the way!

Caibidil 1:
"bhí baintreach ann agus +bhí mac amháin aice"
Céad bearna: "Bhuail náire ar an mac ansin"?
"d'éirigh sé agus thosaigh sé ar an turas", an é "ar a turas"?
"gan chara -den +gan -chompánacht +chompánach" déarfainn.
Níl aon fhois agam céard é "colainne".
"nuair a +tháinig fear a fhad leis"?
tabhair suas = éirigh as
Dara bearna: "i gceann a chéile ann"? Ach, is abairt ait í dar liom.
"an chloig gur ghéill sé" fadhb leis an abairt sin?
"Bhí beilt uaine -ag +ar an ngaiscíoch"

I think the book is in my local library, I'll have a look the next time I'm down; I've no idea what version.
Ceartaigh mo chuid Ghaeilge má's mhian leat.
Corrections also welcome in German and French.
Go raibh míle maith agat.


Return to “Celtic Languages”

Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 5 guests