Gaeilge - ciaran1212

Moderator:kevin

Ciarán12
Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby Ciarán12 » 2013-04-11, 20:10

linguoboy wrote:
Ciarán12 wrote:Also, nílim chun rá ar son mo chomhthírigh, ach labhraímse Gaeilge.

Cad é gur mhian leat a rá anso?


Oh the irony! I wanted to say "Also, I'm not going to speak for my compatriots, but I speak Irish."

B'fhéidir gur cearr é úsáid a bhaint as "ar son" sa chás seo? Anois agus atáim ag smaoineamh air, ba chóir dom "nílim chun labhairt..." in áit "rá".

User avatar
linguoboy
Posts:25540
Joined:2009-08-25, 15:11
Real Name:Da
Location:Chicago
Country:USUnited States (United States)

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby linguoboy » 2013-04-11, 20:47

Ciarán12 wrote:B'fhéidir gur cearr é úsáid a bhaint as "ar son" sa chás seo? Anois agus atáim ag smaoineamh air, ba chóir dom "nílim chun labhairt..." in áit "rá".

Dob ea, ach an fhadhb níos follasaí ná úsáid "chun" chun "going to" a léiriú. D'aistreoinn "nílim chun rá" go Béarla mar "I'm not ready to say".
"Richmond is a real scholar; Owen just learns languages because he can't bear not to know what other people are saying."--Margaret Lattimore on her two sons

Ciarán12

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby Ciarán12 » 2013-04-11, 21:36

linguoboy wrote:Dob ea, ach an fhadhb níos follasaí ná úsáid "chun" chun "going to" a léiriú. D'aistreoinn "nílim chun rá" go Béarla mar "I'm not ready to say".


Bhuel, táim fós ag déanamh iarracht a theacht isteach ar an bhfocal "chun" leis an ciall sin, agus cheap mé gur níos castaí an bhrí atá leis ná "ready". B'fhéidir gur ráiteachas níos fearr dá mbeadh "Ní féidir liom labhairt faoi mo chomhthírigh ach..."

Edit: Tá tuirse an domhain orm inniu, nílim in ann abairt ar bith a chur i gcaint go díreach.

User avatar
linguoboy
Posts:25540
Joined:2009-08-25, 15:11
Real Name:Da
Location:Chicago
Country:USUnited States (United States)

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby linguoboy » 2013-05-06, 19:19

Tá Walking with Dinosaurs, Walking with Beasts nó/agus Walking with Cavemen féachta orthu ag an duine i mo dhiaidh.

Ní dóigh liom go bhfuil seo inghlachta. It would have to be "Tá féachta ar ... ag an duine i mo dhiaidh", but that's so awkward I don't see why anyone would ever say it. You don't need the perfect here; Irish (like Irish English) is fine with the simple past.
"Richmond is a real scholar; Owen just learns languages because he can't bear not to know what other people are saying."--Margaret Lattimore on her two sons

Ciarán12

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby Ciarán12 » 2013-05-06, 19:48

linguoboy wrote:Ní dóigh liom go bhfuil seo inghlachta. It would have to be "Tá féachta ar ... ag an duine i mo dhiaidh", but that's so awkward I don't see why anyone would ever say it. You don't need the perfect here; Irish (like Irish English) is fine with the simple past.


Thanks, I thought that was wrong, but I wasn't sure how to fix it.

Ciarán12

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby Ciarán12 » 2013-05-17, 1:31

Táim t'réis feiceáil ar an leagan cainte "i mbun + Gin." arís, agus chonaic mé air cúpla uair roimh anois leis. Ar potafocal.com, bhí mé in ann teacht ar an míniú seo thíos:

i mbun [ruda]: attending to [something], carrying out [something] (an activity)
chaith mé bliain i mbun na hoibre sin - I spent a year doing that work


An bhfuil eolas agaibh faoin idirdhéalú atá i gceist leis an úsáid foime nórmalta (mar shampla "chaith mé bliain ag déanamh na hoibre sin") agus an fhoirm so?

Ciarán12

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby Ciarán12 » 2013-05-24, 20:52

linguoboy wrote:
Ciarán12 wrote:B'fhéidir gur cearr é úsáid a bhaint as "ar son" sa chás seo? Anois agus atáim ag smaoineamh air, ba chóir dom "nílim chun labhairt..." in áit "rá".

Dob ea, ach an fhadhb níos follasaí ná úsáid "chun" chun "going to" a léiriú. D'aistreoinn "nílim chun rá" go Béarla mar "I'm not ready to say".


Táim tar éis rud éigin a léamh a bhí scríofa ag cainteoir dúchais ar YT , agus eisean ag baint úsáide as an fhocal "chun" ar an nós chéanna.

Sea, 'frustrachas' sin é an focal ceart chun cur síos ar! Agus mar a dúirt sa fhís, nílim chun é a imirt riamh arís!


Cainteoir dúchais Gaeilge na Mumhan atá ann, dá réir féin. Nach bhfuil rud éigin ar nós "I'm not about to" nó "I won't be playing" i gceist san abairt seo?

Ciarán12

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby Ciarán12 » 2013-07-01, 23:35

linguoboy wrote:Of course, the distinction is being lost in some dialects where the genitive is weak, notably Connemara. Here "Tá sí ag tógáil báid" would more likely be understood as "She's building boats", since báid doubles as the nominative-accusative plural. (Compare Latin, where second declension nouns often have a front-vowel ending in both genitive singular and nominative plural, e.g. amici "the friends/of a friend".)


About that - how would Connemara speaker's say that if the object were a pronoun? I mean, I assume the whole "Tá sí á thógáil" thing is because it's in the genitive, so if they have it in the Nom./Acc. normally would it be "Tá sí ag tógáil é" with a pronoun?

User avatar
linguoboy
Posts:25540
Joined:2009-08-25, 15:11
Real Name:Da
Location:Chicago
Country:USUnited States (United States)

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby linguoboy » 2013-07-02, 16:10

Ciarán12 wrote:About that - how would Connemara speaker's say that if the object were a pronoun? I mean, I assume the whole "Tá sí á thógáil" thing is because it's in the genitive, so if they have it in the Nom./Acc. normally would it be "Tá sí ag tógáil é" with a pronoun?

Pronouns aren't declined for the genitive in Irish, only nouns and adjectives. So the weakening/loss of the genitive doesn't affect them.
"Richmond is a real scholar; Owen just learns languages because he can't bear not to know what other people are saying."--Margaret Lattimore on her two sons

Ciarán12

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby Ciarán12 » 2014-07-02, 16:12

Tá ceist agam faoin aistriúchán a rinneadh sa snáithe seo:

linguoboy wrote:[flag=]en[/flag] Three apples fell from heaven: one for the storyteller, one for he who listens and one for he who understands.

[flag=]ga[/flag] Thit trí úll anuas ó neamh, ceann don duine inste scéil, ceann don duine a éisteachta agus ceann don duine a thuisceana.



Cad é an difear idir scéalaí (nó seanchaí, rud a dtáinig mé air roimhe seo) agus "duine inste scéil"? Ní fhaca mé riamh é.

An Lon Dubh
Posts:55
Joined:2013-03-17, 20:40
Gender:male
Country:IEIreland (Éire / Ireland)

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby An Lon Dubh » 2014-07-02, 21:27

Ciarán12 wrote:Cad é an difear idir scéalaí (nó seanchaí, rud a dtáinig mé air roimhe seo) agus "duine inste scéil"? Ní fhaca mé riamh é.

Scéalaí = fear go bhfuil cnuasach scéalta traidisiúin aige.

Seanachaí = Fear feasa, fear go bhfuil eolas traidisiúin den gach sórd aige. Tá scéal, dán, focail neamhchoitianta, s.r.l. aige

Duine inste scéil = An fear atá ag insint scéil láithreach, ach b'fhéidir (nó is dócha) ná fuil sé ina scéalaí.

An Lon Dubh
Posts:55
Joined:2013-03-17, 20:40
Gender:male
Country:IEIreland (Éire / Ireland)

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby An Lon Dubh » 2014-07-02, 21:43

linguoboy wrote:Of course, the distinction is being lost in some dialects where the genitive is weak, notably Connemara. Here "Tá sí ag tógáil báid" would more likely be understood as "She's building boats", since báid doubles as the nominative-accusative plural. (Compare Latin, where second declension nouns often have a front-vowel ending in both genitive singular and nominative plural, e.g. amici "the friends/of a friend".)

Deirtear é sin i gCiarraí leis:

Táim ag ceannach capaill.

Is é Músgraí an t-aon áit amháin go bhfuil seanaghramadach an ghinidigh iolra le fáil fós inti.

Ciarán12

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby Ciarán12 » 2014-08-16, 19:25

Táim tar éis é seo a fheiceáil sa bhfo-fhóram aistriúcháin:

[flag=]ga[/flag] Irish: (Present tense)
Negative: Níl mé, tú, (s)é, (s)í, muid, sibh, siad
Question form: An bhfuil mé, tú, (s)é, (s)í, muid, sibh, siad


Cén fáth a bhfuil na S-eanna seo idir lúibíní? An bhfuil canúint ann ina ndeitear "Níl é" agus "Níl í"?

Ciarán12

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby Ciarán12 » 2014-11-17, 19:30

It's strange the things you find out when you start to speak the language more; I've realised that when I speak I default to the structure "bheith in ann rud a dhéanamh" rather than the more common "is féidir le X rud a dhéanamh" because I'm much better at conjugating bí than the copula on the fly. It's starting to irritate me, I need to master the copula better.

User avatar
linguoboy
Posts:25540
Joined:2009-08-25, 15:11
Real Name:Da
Location:Chicago
Country:USUnited States (United States)

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby linguoboy » 2014-11-17, 20:42

Or you could just conjugate féad...
"Richmond is a real scholar; Owen just learns languages because he can't bear not to know what other people are saying."--Margaret Lattimore on her two sons

Ciarán12

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby Ciarán12 » 2014-11-17, 20:49

Yeah, but who talks like that! I only hear féad used in the impersonal form e.g. "Féadtar an cháin sin a sheachaint".

User avatar
linguoboy
Posts:25540
Joined:2009-08-25, 15:11
Real Name:Da
Location:Chicago
Country:USUnited States (United States)

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby linguoboy » 2014-11-17, 21:01

Ciarán12 wrote:Yeah, but who talks like that!

Muimhnigh.
"Richmond is a real scholar; Owen just learns languages because he can't bear not to know what other people are saying."--Margaret Lattimore on her two sons

Ciarán12

Re: Gaeilge - ciaran1212

Postby Ciarán12 » 2014-11-17, 22:47

linguoboy wrote:Muimhnigh.


Bhuel, nílim im' Mhuimneach. :wink:

Ach i ndáiríre, níl rud ar bith in aghaidh na Muimhneach agam, is maith go mór liom na nósanna cainte a mbíonn siad ag úsáid ina gcuid cainte, ach ba mhaith liom cuma "normalta" a bheith ar mo chuid Gaeilge do na Baile Átha Cliathaigh lena mbím ag caint. I mBÁC, úsáidtear "is féidir le" go fíormhinic, so ceapaim gur chóir dom an stuchtúr sin a úsáid. Ba mhaith liom an cumas a bheith agam "féad" a chaitheamh isteach sa chaint agam 'nois is arís, áfach.


Return to “Celtic Languages”

Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 3 guests