Moderator:kevin
ciaran1212 wrote:Ar dtús, conas a úsáidtear 'á'? Mar shampla 'An bhfuil tú á lorg?' An bhfuil sé mar 'é/í + a (dhéanamh)'?
ciaran1212 wrote:Agus an dara cheist: conas a úsáidtear an dul cainte 'Caithfidh mé...a dhéanamh' san aimsir caite? (bím ag baint úsáid as 'níor mhór dom' an t-am ar fad é a sheachaint....(nó 'á sheachaint'...? Féach ar ceist a haon!)
linguoboy wrote:"Tá tú do mo lorg?" = "Is mé atá tú ag lorg."
linguoboy wrote:Is féidir leat "B'éigean dom...a dhéanamh" a rá leis.
ciaran1212 wrote:linguoboy wrote:"Tá tú do mo lorg?" = "Is mé atá tú ag lorg."
Níor chuala mé é sin ríamh - 'do mo lorg'. Conas a fheimníonn sé seo?
ciaran1212 wrote:Nó nach bhfuil sé ach saghas leagan cainte daingean?
linguoboy wrote:Níl aon aithne agam ar bhriathar feimnigh. An ea gur foirm den bhriathar feidhmigh atá i gceist?
linguoboy wrote:ciaran1212 wrote:Nó nach bhfuil sé ach saghas leagan cainte daingean?
Leagan cainte is ea seo sa mhéid gur í an ghnáthdhóigh an fhoirm leanúnach a dhéanamh agus cuspóir forainmneach ann. Féach ar: http://www.nualeargais.ie/gnag/verbnom1.htm#pronom.Objekt.
ciaran1212 wrote:Ach ceistín beag nach bhfuil baint ar bith aige leis an suíomh sin agus a ghramadach; Níl a fhois agam cé acu díobh is fearr - 'Cén fáth + atá...' nó 'Cén fáth + a bhfuil...'?
ciaran1212 wrote:Conas a deirtear an dá frásaí sin as Gaeilge?
'The reason I am bored is that...'
'It is the reason that I am bored'
linguoboy wrote:ciaran1212 wrote:Conas a deirtear an dá frásaí sin as Gaeilge?
'The reason I am bored is that...'
'It is the reason that I am bored'
"Is é an fáth a bhfuil mé dubh dóite ná..."
"Is é an fáth a bhfuil mé dubh dóite é."
ciaran1212 wrote:Cad é an scéal leis an 'ná' thuas sin? Cén fáth a bhaintear úsáid as ná agus ní go?
ciaran1212 wrote:An bhfuil an méid seo thuas ceart?
linguoboy wrote:Is gá dhuit athmheas a dhéanamh ar na foirmeachaibh den bhriathar abair: http://nualeargais.ie/gnag/abair.htm.
ciaran1212 wrote:Cén foirmeacha ba chóir dom úsáid?
ciaran1212 wrote:Faoi láthair, agus ar feadh na cúpla míosa seo caite[1], nílim ag déanamh staidéir dáiríre ar Ghaeilge toisc go bhfuil dualgais eile agam, ach tá cúpla leabhair ceannaithe agam d'fhonn iad a léamh agus táach[2] an t-am agam é a dhéanamh[3]. Cad fúibhAgus sibhse? An bhfuil sibh ag léamh rud éigin suimiúil nó ag déanamh saghas staidéar éigin eile staidéir?
linguoboy wrote:Gabh mo leithscéal faoin moill; tarraingíodh m'iúl de bharr na hAirméinise.
linguoboy wrote:1. Bionn an t-ainmfhocal i gcónaí i dtuiseal ainmneach uatha t'réis cúpla. (Seo eisceacht ó riail a thugas roimhe seo dhuit, sorry.)
linguoboy wrote:2. agus tá an t-am "while there's time"; ach tá an t-am "as soon as there's time". Níl tá de dhíth anso agus an abairt níos fearr gan é, dar liom.
linguoboy wrote:4. Aidiachtaí aitreabúideacha roimh aitreabúidí ginideacha.
Ciarán12 wrote:Ceart go leor, b'fhéidir gurbh fhéidir liom “an cúpla mí anuas” nó rud éigin mar sin a scríobh ina háit mar sin?
Ciarán12 wrote:An bhaintear úasáid as an nós cainte sin le rudaí eile? “...ach feicim thu.” - “as soon as I see you.” mar shampla, nó nár úsáidtear é ach san abairt sin?
Ciarán12 wrote:Chonaic mé é sin agus bhí mé ag feiceáil tríd an snáithe arís. Thug mé faoi dheara gur chóir dom úsáid a bhaint as an tuiseal ginideach, ach níor aithin mé an rial faoi na haidiachtaí aitreabúideacha agus na haitreabúidí ginideacha.linguoboy wrote:4. Aidiachtaí aitreabúideacha roimh aitreabúidí ginideacha.
Ciarán12 wrote:Nach bhfuil sé mícheart sa chéad abairt freisin nuair a scríobh mé “nílim ag déanamh staidéir dáiríre..” (toisc gur chóir dom “nílim ag déanamh staidéar dáiríre” a scríobh)?
linguoboy wrote:Ciarán12 wrote:Ceart go leor, b'fhéidir gurbh fhéidir liom “an cúpla mí anuas” nó rud éigin mar sin a scríobh ina háit mar sin?
Cad é an t-idirdhealú go bhfuil tú ag déanamh iarrachta a dhéanamh anso?
linguoboy wrote:Ciarán12 wrote:An bhaintear úasáid as an nós cainte sin le rudaí eile? “...ach feicim thu.” - “as soon as I see you.” mar shampla, nó nár úsáidtear é ach san abairt sin?
"...ach a bhfeicfidh mé thu" nó "...ach tú a fheiceáil".
linguoboy wrote:Ciarán12 wrote:Chonaic mé é sin agus bhí mé ag feiceáil tríd an snáithe arís. Thug mé faoi dheara gur chóir dom úsáid a bhaint as an tuiseal ginideach, ach níor aithin mé an rial faoi na haidiachtaí aitreabúideacha agus na haitreabúidí ginideacha.linguoboy wrote:4. Aidiachtaí aitreabúideacha roimh aitreabúidí ginideacha.
níor aithin mé an rial = "I didn't acknowledge the rule". Más é a bhí i gceist agat ná "I didn't know the rule", is gá dhuit úsáid a bhaint as fios nó feadar.
linguoboy wrote:Ciarán12 wrote:Nach bhfuil sé mícheart sa chéad abairt freisin nuair a scríobh mé “nílim ag déanamh staidéir dáiríre..” (toisc gur chóir dom “nílim ag déanamh staidéar dáiríre” a scríobh)?
Braitheann sé ar cad é go bhfuil fonn ort é a rá:
ag déanamh staidéar dáiríre ar "making a serious study of"
ag déanamh staidéir (go) dáiríre ar "studying seriously"
Users browsing this forum: No registered users and 5 guests