Bainigí sult as a chairde Gael! Bhain mise súp as éisteacht leis an gclosleabhar Dúnmharú ar an DART agus mé ag comaitéireacht an tseachtain so.
Dúirt an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ar a suíomh féin:
Tráth an ama seo i 2009, ar mholadh Éanna Ó Brádaigh, Bainisteoir Forbairt Gnó san Oideachas le Apple, chinn COGG ceadúnas a lorg ó Apple le iTunesU a fhorbairt do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge na tíre. Séard a bhí i gceist leis seo ná cuid faoi leith de iTunes a bheith ann le bainistiú, dáileadh agus stiúradh a dhéanamh ar áiseanna oideachasúla do phobal fhoghlaimeoirí faoi leith.
Nuair a tugadh ceadúnas do COGG, cuireadh tús le bailiú ábhair a bhí ar fáil a d’fhéadfaí a úsáid mar thacaíocht don teagasc agus don fhoghlaim trí mheán na Gaeilge. Obair ollmhór a bheidh i gceist leis an mbailiúchán seo ar bhonn leanúnaigh ach tá réimse leathan go leor ábhar crochta ar an suíomh. Lena n-áirítear ábhar físe, ábhar fuaime, ábhar tacaíochta do mhúinteoirí agus ábhar staidéir do dhaltaí.
Táthar ag cur leis seo go leanúnach.