Page 1 of 23

An duine i mo dhiaidh...

Posted: 2008-03-25, 11:57
by DelBoy
Cluiche cosúil leis na cinn sna fóraim Béarla, Spáinnis, Gearmáinis, srl...
Ar mhaith le héinne a imirt? Tosnóidh mé....


Is maith leis an duine i mo dhiaidh an aimsir fhuar.

Posted: 2008-03-25, 14:41
by nighean-neonach
Is maith leam i go deimhinn :)

Is maith leis an duine i mo dhiaidh madraí (? iolra ceart?)

Posted: 2008-03-25, 15:59
by DelBoy
Is breá liom madraí!! (iolra ceart :wink: ) Bhí mé ag súgradh le madra mo chol cheathrair an lá ar fad inné!

Tá an duine i mo dhiaidh ag éisteacht le ceol agus é/í ag léamh seo.

Posted: 2008-03-25, 19:54
by tp
let the butchery commence...

Tá mé ag éiste le Tom Petty, agus léinn sin go cinnte.

Is breá leis an duine i mo dhiaidh ag ceiliúradh sa folcadh sobalach.

:)

Posted: 2008-03-25, 20:26
by Supreemio
Cha dtuigeam an cluiche seo, an cluiche é seo a Dhelboy?

Posted: 2008-03-26, 0:46
by DelBoy
Sneachta wrote:Cha dtuigeam an cluiche seo, an cluiche é seo a Dhelboy?


Is cluiche é - cluiche simplí. Scríobhann duine amháin ceist agus freagraíonn an duine ina dhiaidh, agus ansin cuireann seisean ceist don chéad duine eile, srl...

Féach anseo

Posted: 2008-03-26, 0:57
by DelBoy
tp wrote:let the butchery commence...

Tá mé ag éisteacht le Tom Petty agus mé ag léamh seo.

Is breá leis an duine i mo dhiaidh ceiliúradh i bhfolcadh sobalach.

:)


Ceiliúradh?? Ní dócha.... b'fhearr liom dul faoin gcithfholcadh ar aon nós.

Tá an duine i mo dhiaidh ag obair ar maidin.

Posted: 2008-03-26, 7:54
by nighean-neonach
:( ... agus tá gráin agam air.


Tá an duine i mo dhiaidh ag ól anois.

Posted: 2008-03-26, 12:50
by DelBoy
Tá, ach caifé amháin..... seo mo chéad lá ar ais ag obair tar éis na Cásca agus tá tuirse orm!!

Tá an duine i mo dhiaidh ag dul ar saoire thar lear i mbliana.

Re: An duine i mo dhiaidh...

Posted: 2008-09-17, 15:43
by Supreemio
(Rinne mé dearmad fán chluiche seo, an dtig linn é a imirt go fóill a chairde?)

Beidh mé i Londain aríst ar saoire ar feadh cúpla seachtaine, ach an saoire é sin? :lol:

Éisteann an duine i mo dhiaidh le Raidió na Gaeltachta ó am go ham.

Re: An duine i mo dhiaidh...

Posted: 2008-09-17, 17:16
by DelBoy
Éistim ó am go ham.... bhuel, d'éistinn ar aon nós!

Is maith leis an duine i mo dhiaidh scannáin buachaillí bó.

Re: An duine i mo dhiaidh...

Posted: 2008-09-17, 17:24
by Eoghan
Tá mé ag éiste le Raidió na Gaeltachta, ach níl mé ag éiste leis go tric...
Tá mo Ghaeilge ana-dhona...

Obróidh an duine i mo dhiaidh i mBáile Átha Cliath.

Re: An duine i mo dhiaidh...

Posted: 2008-09-17, 17:28
by Supreemio
Eoghan wrote:Tá mé ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta, ach ní éistim leis go minic
Tá mo cuid Gaeilge ana-dhona...

Obróidh an duine i mo dhiaidh i mBáile Átha Cliath.


Some small corrections a Eoghan, but are you trying to say ''I am listening to RnG'' or ''I listen to RnG'' because it would be different....

Also are you trying to say ''The person after me will work in Dublin'' or ''The person after me works in Dublin''?

Ana-dhona is correct, this is Munster Irish.

Re: An duine i mo dhiaidh...

Posted: 2008-09-17, 17:49
by DelBoy
Sneachta wrote:
Eoghan wrote:Tá mé ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta, ach ní éistim go minic leis
Tá mo chuid Gaeilge ana-dhona...

Obróidh an duine i mo dhiaidh i [b]mBaile
Átha Cliath.




Cúpla ceartúchán eile, a chara.
:wink:

D'oibrínn i mBÁC agus b'fhéidir go mbeidh mé ar ais arís i gceann cúpla bliain.

(agus mo cheistse arís)
Is maith leis an duine in mo dhiaidh scannáin buachaillí bó

Re: An duine i mo dhiaidh...

Posted: 2008-09-18, 16:19
by Supreemio
Is maith liom scannáin buachaillí bó go háirithe ''Dancing With Wolves''.

Itheann an duine i mo dhiaidh bricfeasta achan mhaidin.

Re: An duine i mo dhiaidh...

Posted: 2008-09-23, 21:55
by tethad
An bhfuil an cluiche seo thart nó an féidir leanúint ar aghadih leis?

Ithim bricfeasta maith gach maidin; ceapaim go bhfuil sé tábhachtach!

Tá an duine i mo dhiaidh gnóthach go leor faoi láthair

Re: An duine i mo dhiaidh...

Posted: 2008-10-03, 16:32
by BezierCurve
Níl mé gnóthach.

Is an duine i mo dhiadh múinteoir ollscoile.

Re: An duine i mo dhiaidh...

Posted: 2008-10-03, 16:55
by DelBoy
BezierCurve wrote:Níl mé gnóthach.

Is múinteoir ollscoile é an duine i mo dhiaidh .

:wink:

Ní mé, ach táim ag obair in ollscoil (mar thaighdeoir).

Tá an duine i mo dhiaidh ar tí an dinnéar a dhéanamh.

Re: An duine i mo dhiaidh...

Posted: 2008-10-03, 17:10
by BezierCurve
Níl mé gnóthach.

Is múinteoir ollscoile é an duine i mo dhiaidh .

Go raibh maith agat, a DelBoy!

Is fearr liom sú torthaí.

Is tiománaí tacsaí é an duine i mo dhiaidh.

Re: An duine i mo dhiaidh...

Posted: 2008-10-03, 17:13
by Supreemio
Ní tiománaí tacsaí mé agus níl aon tiomání tacsaí sa fhóram Gaeilge (sílim!)

Is maith leis an duine i mo dhiaidh bia spíosrach.