Tar anseo agus labhair linn! - [Irish Language Discussion]

Moderator:kevin

User avatar
linguoboy
Posts:25540
Joined:2009-08-25, 15:11
Real Name:Da
Location:Chicago
Country:USUnited States (United States)
Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby linguoboy » 2012-02-08, 13:34

DelBoy wrote:Cá bhfuil chuile dhuine?

Táim im' leath-dhúiseacht.
"Richmond is a real scholar; Owen just learns languages because he can't bear not to know what other people are saying."--Margaret Lattimore on her two sons

User avatar
DelBoy
Posts:3814
Joined:2004-04-22, 12:55
Real Name:Darrach Ó Murchú
Gender:male
Location:i nDún Éideann, in Albain; as Áth Cliath in Éirinn (in Edinburgh, Scotland; from Dublin, Ireland)
Country:GBUnited Kingdom (United Kingdom)

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby DelBoy » 2012-02-08, 16:00

Bhuel, dúisigh ort! Tá an lá beagnach thart... :lol:
The British Isles are awesome - I know, I live there - but Ireland is not a part of them. K thnx bai!

Labharfainn níos mó faoi, dá dtuigfinn an bhrí...

User avatar
linguoboy
Posts:25540
Joined:2009-08-25, 15:11
Real Name:Da
Location:Chicago
Country:USUnited States (United States)

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby linguoboy » 2012-02-08, 18:47

DelBoy wrote:Bhuel, dúisigh ort! Tá an lá beagnach thart... :lol:

Ní lá chun rudaí a chur á dhéanamh é an lá inniu in aon chor.
"Richmond is a real scholar; Owen just learns languages because he can't bear not to know what other people are saying."--Margaret Lattimore on her two sons

User avatar
DelBoy
Posts:3814
Joined:2004-04-22, 12:55
Real Name:Darrach Ó Murchú
Gender:male
Location:i nDún Éideann, in Albain; as Áth Cliath in Éirinn (in Edinburgh, Scotland; from Dublin, Ireland)
Country:GBUnited Kingdom (United Kingdom)

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby DelBoy » 2012-02-09, 0:29

Ar lá speisialta an lá inné sna SAM? Lá an-ghnóthach a bhí agamsa ar aon nós.
The British Isles are awesome - I know, I live there - but Ireland is not a part of them. K thnx bai!

Labharfainn níos mó faoi, dá dtuigfinn an bhrí...

User avatar
linguoboy
Posts:25540
Joined:2009-08-25, 15:11
Real Name:Da
Location:Chicago
Country:USUnited States (United States)

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby linguoboy » 2012-02-09, 2:51

DelBoy wrote:Ar lá speisialta an lá inné sna SAM? Lá an-ghnóthach a bhí agamsa ar aon nós.

(Tá a fhios agat gur aisteach dom é nuair a bhíonn tú ag postáil ón dtodhchaí mar sin!)

Ní fheadar cad é an saghas lae a bhí sa chuid eile desna SAM inniubh, ach i m'oifig is ea bhí lá caillte againnse maidir leis an t-athrú seomraí.
"Richmond is a real scholar; Owen just learns languages because he can't bear not to know what other people are saying."--Margaret Lattimore on her two sons

User avatar
DelBoy
Posts:3814
Joined:2004-04-22, 12:55
Real Name:Darrach Ó Murchú
Gender:male
Location:i nDún Éideann, in Albain; as Áth Cliath in Éirinn (in Edinburgh, Scotland; from Dublin, Ireland)
Country:GBUnited Kingdom (United Kingdom)

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby DelBoy » 2012-02-10, 12:40

sin speisialta go leor - tá súil agam gur bhain tú taitneamh as.

Dia dhuit ón maidin amárach! :mrgreen:
The British Isles are awesome - I know, I live there - but Ireland is not a part of them. K thnx bai!

Labharfainn níos mó faoi, dá dtuigfinn an bhrí...

User avatar
linguoboy
Posts:25540
Joined:2009-08-25, 15:11
Real Name:Da
Location:Chicago
Country:USUnited States (United States)

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby linguoboy » 2012-02-13, 20:48

Deineadh taibhreamh dom aréir gur rabhas ag tabhairt cuarda ar oileáinín amach ó chósta na hÉireann. Isteach liom sa tsiopa bheag ansan is a fhios ó thuras roimhe seo agam go raibh Gaelainn ag an siopadóir. Ach ní thuig sí mé nuair a duart "Conas taoi?" lei. Is ea i mBéarla ba mhór dhom mo cheisteanna a chur uirthi.
"Richmond is a real scholar; Owen just learns languages because he can't bear not to know what other people are saying."--Margaret Lattimore on her two sons

User avatar
DelBoy
Posts:3814
Joined:2004-04-22, 12:55
Real Name:Darrach Ó Murchú
Gender:male
Location:i nDún Éideann, in Albain; as Áth Cliath in Éirinn (in Edinburgh, Scotland; from Dublin, Ireland)
Country:GBUnited Kingdom (United Kingdom)

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby DelBoy » 2012-02-14, 12:53

Tá sé aisteach gur scríobh tú é sin - de ghnáth, ní cuimhin liom mo chuid taibhreamh, ach le déanaí is cuimhin roinnt mór dóibh. Taibhríodh dom aréir go bhfuair mé bás, ach bhí mé fós beo, bhuel... de shaghas éigin. Chuaigh mé chuig mo shochraid fhéin... Bhí mé fós beo ach bhí a fhios agam go raibh mo shaol thart. Dhúisigh mé faoi bhrón mór.
Táim ceart go leor anois, áfach.
The British Isles are awesome - I know, I live there - but Ireland is not a part of them. K thnx bai!

Labharfainn níos mó faoi, dá dtuigfinn an bhrí...

User avatar
linguoboy
Posts:25540
Joined:2009-08-25, 15:11
Real Name:Da
Location:Chicago
Country:USUnited States (United States)

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby linguoboy » 2012-02-14, 18:31

DelBoy wrote:Chuaigh mé chuig mo shochraid fhéin... Bhí mé fós beo ach bhí a fhios agam go raibh mo shaol thart.

An bhfuil cuimhne agat ar cé acu bodaigh ná raibh i láthair aici go bhféadfair iad a chur faoi mhallacht an chéad uair eile a fheicfidh tú iad?
"Richmond is a real scholar; Owen just learns languages because he can't bear not to know what other people are saying."--Margaret Lattimore on her two sons

User avatar
linguoboy
Posts:25540
Joined:2009-08-25, 15:11
Real Name:Da
Location:Chicago
Country:USUnited States (United States)

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby linguoboy » 2012-02-23, 22:47

Báisteach mheasctha le sneachta atánn sé ag cur orainn anois. Aimsir mhallaithe Éireannach! De dhíth go géar orm is ea atánn an lionn dubh a dh'ólas lem' lón inniubh.
"Richmond is a real scholar; Owen just learns languages because he can't bear not to know what other people are saying."--Margaret Lattimore on her two sons

corcaighist
Posts:217
Joined:2007-05-30, 14:20
Location:Tallinn, Estonia
Country:EEEstonia (Eesti)
Contact:

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby corcaighist » 2012-02-28, 8:11

Tráthnóna aréir do dhein mo bhean okonomiyakithe fíor-veigeatóireacha (pancóga saillte Seapánacha) don dhinnéar. Do bhíodar sobhlasta agus do dheineas mo chuid ar cheann amháin *cuimlítear a theangan dá liopaí*.

User avatar
linguoboy
Posts:25540
Joined:2009-08-25, 15:11
Real Name:Da
Location:Chicago
Country:USUnited States (United States)

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby linguoboy » 2012-02-28, 13:45

corcaighist wrote:Tráthnóna aréir do dhein mo bhean okonomiyakithe fíor-veigeatóireacha (pancóga saillte Seapánacha) don dhinnéar. Do bhíodar sobhlasta agus do dheineas mo chuid ar cheann amháin *cuimlítear a theangan dá liopaí*.

D'itheas-sa okonomiyaki ar an gcéad uair an tseachtain seo caite. Do cheapas go mbeadh sé níos cosúla le pajeon Cóiréach, ach do chuir sé ina áit sin bindaetteok i gcuimhne dhom.
"Richmond is a real scholar; Owen just learns languages because he can't bear not to know what other people are saying."--Margaret Lattimore on her two sons

Ciarán12

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby Ciarán12 » 2012-03-29, 15:14

D'ith mé fíor-okonomiyaki nuair a bhí mé i mo chónaí sa tSeapáin (arsa Chiarán ag cur draid air féin go bogásach...)

User avatar
ILuvEire
Posts:10398
Joined:2007-12-08, 17:41
Gender:male
Location:Austin
Country:USUnited States (United States)
Contact:

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby ILuvEire » 2012-06-12, 6:01

Bhuel, tá mé ag déanamh iarracht ar foghlaim an Gaeilge. Cuireann an comhréir na Gaeilge beaguchtach i gcónaí orm! Ach, tá níos mó am ag foghlaim ná an t-am caite orm.
[flag]de[/flag] [flag]da[/flag] [flag]fr-qc[/flag] [flag]haw[/flag] [flag]he[/flag] [flag]es[/flag]
Current focus: [flag]ga[/flag] [flag]ar[/flag]
Facebook | tumblr | Twitter
“We need to make books cool again. If you go home with somebody and they don't have books, don't fuck them.” —John Waters

Ciarán12

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby Ciarán12 » 2012-06-12, 17:49

ILuvEire wrote:Bhuel, tá mé ag déanamh iarracht ar foghlaim an Gaeilge. Cuireann an comhréir na Gaeilge beaguchtach i gcónaí orm! Ach, tá níos mó am ag foghlaim ná an t-am caite orm.


Tuigim cad a bhfuil tú ag rá. Is iad na díochaontaí agus na infhillteacha tuiseal na fadhbeanna is measa, dar liomsa ar aon nós. Cá fhad atá tú ag foghlaim Gaeilge?

User avatar
ILuvEire
Posts:10398
Joined:2007-12-08, 17:41
Gender:male
Location:Austin
Country:USUnited States (United States)
Contact:

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby ILuvEire » 2012-06-14, 6:05

ciaran1212 wrote:
ILuvEire wrote:Bhuel, tá mé ag déanamh iarracht ar foghlaim an Gaeilge. Cuireann an comhréir na Gaeilge beaguchtach i gcónaí orm! Ach, tá níos mó am ag foghlaim ná an t-am caite orm.


Tuigim cad a bhfuil tú ag rá. Is iad na díochaontaí agus na infhillteacha tuiseal na fadhbeanna is measa, dar liomsa ar aon nós. Cá fhad atá tú ag foghlaim Gaeilge?
Buíochas le Dia atá tuiscint ort. Nuair atá mé ag labhairt as Gaeilge, ní thuigeann aon duine mise! Bhí mé ag foghlaim Gaeilge ar feadh scathaimh. Thosaigh mé roinnt blianta ó shin, ach éirínn as foghlaim tar éis bheagáin laethanta. :P What about you? (How do you say that in Irish? And how do you say "how do you say ___" in Irish? Bwuh, I'm a mess.)
[flag]de[/flag] [flag]da[/flag] [flag]fr-qc[/flag] [flag]haw[/flag] [flag]he[/flag] [flag]es[/flag]
Current focus: [flag]ga[/flag] [flag]ar[/flag]
Facebook | tumblr | Twitter
“We need to make books cool again. If you go home with somebody and they don't have books, don't fuck them.” —John Waters

Ciarán12

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby Ciarán12 » 2012-06-14, 13:45

ILuvEire wrote:Buíochas le Dia atá tuiscint ort. Nuair atá mé ag labhairt as Gaeilge, ní thuigeann aon duine mise!

I ndáiríre? Ní cheapaim go bhfuil do chuid Ghaeilge ro-dhona agus nach thuigfaí thú. B'fhéidir go bhfuil blas dona agat agus atá tú ag labhairt, níl a fhios agam.


ILuvEire wrote:What about you?
= Agus cad fút féin?/cad fútsa?
ILuvEire wrote:how do you say "how do you say ___" in Irish?
= Conas a deirtear _ as Gaeilge?

Múintear Gaeilge mar ábhar éigeantach ar feadh 14 bliain ar scoil in Éireann, agus bhí mé sa scoil, sna ranganna Gaeilge ach déanta na fírinne, níor fhoghlaim rud ar bith mé, toisc nár raibh orm an scrúdú Ghaeilge a dhéanamh mar bhí saghas díolúine (exemption) agam. Nílim ach tar éis an teanga a thosaigh i ndáiríre, b'fhéidir, dhá bhliain ó shin. Cén fáth atá spéis agat i nGaeilge go háirithe?

User avatar
Caileh
Posts:33
Joined:2007-02-14, 12:50
Country:SESweden (Sverige)

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby Caileh » 2012-07-03, 9:26

Dia duit. Is mise Caileh agus is maith liom Gaeilge. Is teanga deas é Gaeilge, nach bhfuil?

(Sorry for just coming in without replying to anything anyone else has written, but I don't understand it - yet!)
Native: Image
Advanced: Image
Intermediate: Image
Beginner: Image Image

User avatar
linguoboy
Posts:25540
Joined:2009-08-25, 15:11
Real Name:Da
Location:Chicago
Country:USUnited States (United States)

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby linguoboy » 2012-07-03, 14:34

Caileh wrote:Dia duit. Is mise Caileh agus is maith liom Gaeilge. Is teanga deas éí an Ghaeilge, nach bhfuilí?

Dia's Muire dhuit agus Pádraig! Nach bhfuil ionat ach tosnaitheoir? Níl caill ar bith ort.
"Richmond is a real scholar; Owen just learns languages because he can't bear not to know what other people are saying."--Margaret Lattimore on her two sons

Ciarán12

Re: Tar anseo agus labhair linn!

Postby Ciarán12 » 2012-07-03, 21:07

Caileh wrote:Dia duit. Is mise Caileh agus is maith liom Gaeilge. Is teanga deas é Gaeilge, nach bhfuil?

(Sorry for just coming in without replying to anything anyone else has written, but I don't understand it - yet!)


Dia's Muire dhuit a Chaileh, fáilte go Unilang. Cén fáth a bhfuil spéis agat i nGaeilge? (Varför är du intereserad i Irska?)


Return to “Celtic Languages”

Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 15 guests